Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Déanann Anna cur síos ar a hóige agus ar obair talaimh go obair cniotála. Bhí tromlach na mban ag saothrú a mbeatha ar an chniotáil. Bhí dhá mhonarcha cniotála ar bhaile na nGleannta agus bhí suas le 400 ag obair sna monarchan. Bhí fir agus mná ag obair ann. Ba do Mc Devitts a bhí Anna agus a máthair ag obair. Thug Mc Devitts innill fuála do mhná agus thiocfadh leo oibriú ón bhaile, rud a rinne Anna agus a máthair. Ba miotóga is mó a rinne siad agus ba ceithre scilling agus sé pingine a gheobhadh siad ar dhosaen miotóg. | 00:06:13 | |
A cuimhne ar a hathair ag obair ag deisiú bealaigh móra sa gheimhreadh. | 00:01:49 | |
Dhíoladh a hathair lóid mhóna, bhíodh obair le déanamh ag Anna í féin fosta, chuidíodh sí le sábháil an fhómhair. | 00:02:53 | |
Tháinig deireadh leis an chniotáil. Cur síos ar a bhí siad ag déanamh ach níl sí ag déanamh a dhath anois. | 00:02:38 | |